Escuchar "Sadhbh Ní Bhruineallaigh" Amazon Music Unlimited (ad) Prueba Gratis 30 días

Letra de Sadhbh Ní Bhruineallaigh

Ní iarrfain de spré le Sadhbh Ní Bhruinneallaigh Ach baile Inis Gé is cead éaló ar choiníní. Óró, a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinneallaigh, Comhairle do mháithrín, éalaigh is imigh liom.Is máistir báid mhóir mé ag dul ród na Gaillimhe, D'fhliuchfainn naoi bhfód is ní thógfainn aon fharraige. Óró, a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinneallaigh, A chuisle is a stóirín, éalaigh is imigh liom.Máistir báid mhóir go deo ní ghlacfaidh mé, Nuair a fhaigheann siad an chóir is dóigh nach bhfanann siad. Óró, a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinneallaigh, Comhairle do mháithrín, éalaigh is imigh liom.Is máistir báid mhóir go deo ni ghlacfaidh mé, Nuair a fhaigheann siad an chóir is dóigh nach bhfanann siad. Óró, a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinneallaigh, A chuisle is a stóirín, éalaigh is imigh liom.Níl folach a cabhaile ar Shadhbh Ní Bhruinneallaigh Ach sean-chóitín donn gan chabhail gan mhuinchille. Óró, a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinneallaigh, A chuisle is a stóirín, éalaigh is imigh liom.Fear maith i mbád mé is togha fear iomartha, Fear sluasaid is lái ar dha cheann an iomaire. Óró, a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinneallaigh, A chuisle is a stóirín, éalaigh is imigh liom.