Letra de Mise Éire
Mise Éire Sine mé ná an Chailleach Bhéarra. Mise Éire Uaigní mé ná an Chailleach Bhéarra. Mór mo ghlóir Mé a rug Cú Chulainn cróga. Mór mo náir Mo chlann féin a dhíol a máthair. Mór mo bhrón D'éag an dream inar chuireas dóchas. Mise Éire Sine mé ná an Chailleach Bhéarra. Mise Éire Uaigní mé ná an Chailleach Bhéarra.
